Gaelscoil Eoghain, Cookstown, Co. Tyrone

Fáilte go Naíscoil & Gaelscoil Eoghain!

Tá áthas orainn fáilte mhór a chur romhaibh chuig ár bpobal scoile. Thosaigh ár dturas i 2008 leis an Naíscoil, agus i 2012 d’oscail Gaelscoil Eoghain a doirse le díreach 9 bpáiste. Inniu, táimid bródúil as 145 dalta iontacha atá ag foghlaim agus ag fás le chéile.

Tá muid lonnaithe i gcroílár na Coirre Críochaí agus tá sé mar aidhm againn nascanna láidre a chothú leis an phobal áitiúil. Is scoil chuimsitheach lán-Ghaeilge muid, ag cur fáilte roimh pháistí ón Naíscoil go dtí Rang 7. Tá ár luachanna lárnacha, cineáltas, meas, cultúr, fiosracht agus fás, i gcroílár gach rud a dhéanann muid, agus cuidíonn siad linn daltaí muiníneacha, cúramacha agus fiosracha a chothú.

Is é ár mana scoile, “Foghlaim le chéile, fás le chéile”, a léiríonn ár ngealltanas don fhoghlaim chomhroinnte agus don fhás leanúnach. Gach lá, cuireann muid saibhreas na Gaeilge agus an chultúir chun cinn agus cruthaíonn muid timpeallacht thacúil, teolaí ina mothaíonn gach páiste go bhfuil luach agus spreagadh acu.

Ar ár suíomh idirlín, gheobhaidh sibh an nuacht is déanaí, nuashonruithe agus ceiliúradh ó gach gné den scoil. Tá súil againn go mbainfidh sibh sult as ár leathanach agus go bhfaighidh sibh léargas ar shaol Naíscoil & Gaelscoil Eoghain.

Welcome to Naíscoil & Gaelscoil Eoghain!

We are delighted to welcome you to our school community. Our journey began in 2008 with the establishment of our Naíscoil, and in 2012 Gaelscoil Eoghain opened its doors with just 9 children. Today, we are proud to have 145 amazing pupils learning and growing together.

Located in the heart of Cookstown, we are an inclusive Irish-medium school that values strong ties with our local community. We welcome children from Naíscoil (nursery) age right through to Rang 7. Our core values, kindness, respect, culture, curiosity, and growth, are at the heart of everything we do, guiding us as we nurture confident, caring and inquisitive learners.

Our school motto, “Foghlaim le chéile, fás le chéile” (Learning together, growing together), reflects our commitment to shared learning and continuous growth. Every day, we celebrate the richness of the Irish language and culture while fostering a warm, supportive environment where every child feels valued and inspired.

Here on our website, you’ll find the latest news, updates and celebrations from across our school. We hope you enjoy exploring and getting a glimpse into life at Naíscoil & Gaelscoil Eoghain.

 

Latest News

4th Feb 2026
Rang 2 ag baint an-taitneamh as am súgartha struchtúrtha!  ...
 
 
 
 
30th Jan 2026
Inniu rinne muid ceiliúradh ar Lá Fhéile Bríde - céad...
 
 
 
 
23rd Jan 2026
A big 'comhghairdeas' to the páistí iontacha who achieved a certificate...
 
 
 
 
 

Saol na Scoile Life at Naíscoil & Gaelscoil Eoghain

 

Latest Photographs

 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 

Upcoming Events...

No Events