Gaelscoil Eoghain, Cookstown, Co. Tyrone

Súgradh struchtúrtha i Rang 2

4th Feb 2026

Rang 2 ag baint an-taitneamh as am súgartha struchtúrtha! 

Tá an súgradh fíorthábhachtach d’fhoghlaim agus d’fhorbairt páistí. Trí shúgradh struchtúrtha, forbraíonn na daltaí scileanna tábhachtacha cosúil le hobair foirne, cumarsáid, réiteach fadhbanna agus cruthaitheacht. Tacaíonn sé fosta le forbairt shóisialta agus mhothúchánach agus cuidíonn sé le páistí foghlaim ar bhealach taitneamhach suimiúil. 

Is aoibhinn linn Rang 2 a fheiceáil ag obair le chéile, ag úsáid a samhlaíochta agus ag foghlaim trí shúgradh!  

Rang 2 having great fun during structured play time!   

Play is a vital part of children’s learning and development. Through structured play, pupils build important skills such as teamwork, communication, problem-solving and creativity. It also supports social and emotional development while helping children learn in a fun and engaging way.   It’s wonderful to see Rang 2 working together, using their imagination and learning through play!